Dubhach sin, a dhúin na ríogh
(That gloom, oh fort of the kings)
Dubhach sin, a dhúin na ríogh,
Ní hiongnadh dhuit do dhith Néill;
Dob annamh leat orchra ort,
Dubhach sibh anocht dá éis.
Giodh dubhach ataoisi anocht,
Dobudh tusa cnoc n gcliar;
Dob annamh tusa leat féin
I n-aimsir Néill na Naoi nGiall.
Gach flaitheas acht flaitheas Dé
A chaitheamh uile is é a chríoch;
An saoghal ní hadhbhar tnúidh,
Dubhach sin, a dhúin na ríogh.