Facebook
Twitter
Problem melden

A Shionann Bhriain Bhóroimhe Songtext

A Shionann Bhriain Bhóroimhe
(Oh, Shannon of Brian of Boroma)

A Shionann Bhriain Bhóroimhe,
Iongnadh is méad do gháire,
Mar sguire do ghlóraighe
Ag dol siar isin sáile.

Gluaise láimh ré Bóroimhe,
Téighe láimh ré Ceann Choradh,
Ag moladh Mheic mhór Mhuire,
Go bráth bráth is binn t'fhoghar.

An port asa dtéighisi,
ó shliabh Iarainn 'ga neimhcheilt;
Lór a luaithe téighisi
Tré Loch Ribh, tré Loch nDeirgdheirc.

Ag dol tar Eas nDanainne
Nocha nféadthar do chuibhreach;
Is ann do-ní an ramhaille,
Ag dola láimh ré Luimneach.

Ó Luimneach an mhearsháile
Go dtéighe I nInis Cathaigh
Láimh ré port ar Seanáinne,
Caidhe th'imtheacht 'na dheaghaidh.

Fa imlibh ar bhfearainne
Meinic théighe in gach ionam,
Ar ais tar Eas nDanainne,
Ag dul san bhfairrge, a Shionann.

Bóinn is Siúir is sein Leamhain
Agus Suca nach sriobhmall
Adeirid na deighleabhair
Gurab uaisle tú, a Shionann.
News
Sigala: ‚Last Christmas‘ gehört als Klassiker dazu
Vor 10 Stunden
Sigala: ‚Last Christmas‘ gehört als Klassiker dazu
Mick Schumacher: Bleibt sein F1-Traum noch am Leben?
Vor 10 Stunden
Mick Schumacher: Bleibt sein F1-Traum noch am Leben?
Made with in Berlin
© 2000-2024 MusikGuru