Bedeutung
Facebook
Twitter
Problem melden

Seachran Charn tSiail Songtext

Ar mo tharraingt siar go Carn tSiail dom,
Go haonach bliantúil n Féil' Muire Mór
Tharla an ainnir as an taobh aniar dom
Is í go cianmhar 'gabháil tharam sa ród.
Dar liom féin, ó, gur scar mo chiall uaim
Mar bheinn ag siabhrán nó seal ag ól,
Chonacthas domhsa gur dhorcha an ghrian gheal
Le taobh 'ach dealramh 'raibh ina grua mar rós.


Bheannaíos féin go preab don mhaighdean
Agus feasbhaidh céille ní raibh in mo ghlór,
D'fhiafir mé féin dí 'raibh aon fhear in Éirinn
A ghlacfadh sí 'e roghain orm ins an ród.
D'fhiafir sí domhsa cá raibh mo léine,
Mo bhuig, mo bhéabhar, 's gan fiú na mbróg,
Go mb'annamh a chonaic sise sac ma éideadh
Ar fhear ag bréagadh cailín óg.


A chúileann fáinneach, má thug mé grá duit
Ná cuir I gcás mé fá bheith gan dóigh,
Agus gheobhaidh tú aoibhneas ar hallaí bána,
Fíon na Spáinne gheobhair seal le hól.
D'fhiafir sí domhsa an mar siúd ba ghnách liom
Bheith ag siúl na n-ardán ar bheagán stró.
Is é duirt mé léithi nár chleacht mise 'athrach,
Ach ainnir álainn agus gloine ar bord.


Níl siúd áit ó íochar Fhanad
Nach bhfuil mé I ngrá le bean nó dhó,
Bean sna Rosa thiar I Mín na Manrach,
Ó thaobh Ghleann Átha 'go dtí 'n Mhucais Mhór,
Dís I mBaoilleach, dis I mBáineach,
Bean in Árainn 's a chois Ghaoth Dobhair,
Ó Leitir Ceanainn go dtí mullach Gháigin
'S go Curraoin Mhanuis a chois an róid.
News
Foo Fighters: Josh Freese will kein Mitglied sein
Vor 12 Stunden
Foo Fighters: Josh Freese will kein Mitglied sein
Shania Twain: Sie lobt Taylor Swifts harte Arbeit
Vor 10 Stunden
Shania Twain: Sie lobt Taylor Swifts harte Arbeit

Album Magical Ring / Anam

Clannad
  1. 1.
    Theme From Harry's GameÜbersetzung
  2. 2.
    Tower Hill
  3. 3.
    Seachran Charn tSiail
  4. 4.
    Passing Time
  5. 5.
    Coinleach Glas an FhomhairÜbersetzung
  6. 6.
    I See Red
  7. 7.
    Ta Me Mo Shui
  8. 8.
    Newgrange
  9. 9.
    The Fairy Queen
  10. 10.
    Thios Fa'n Chosta
  11. 11.
    Übersetzung
  12. 12.
    In a Lifetime (feat. Bono)
  13. 13.
    Anam
  14. 14.
  15. 15.
    The Poison Glen
  16. 16.
    Wilderness
  17. 17.
    Harry's Game (From the Movie 'Patriot Games')
  18. 18.
  19. 19.
  20. 20.
    Love and Affection
  21. 21.
  22. 22.
    Dobhar
Clannad - Seachran Charn tSiail
Quelle: Youtube
0:00
0:00
Made with in Berlin
© 2000-2024 MusikGuru